Personal tools
A Network of Excellence forging the
Multilingual Europe Technology Alliance

Glac páirt

Déanfar Lárionaid Sármhaitheasa roghnaithe i dtaighde ar theicneolaíocht teanga a chomhtháthú mar nóid bhreise META-NET d'fhonn a inniúlachtaí a threisiú agus a chlúdach geografach agus teangeolaíoch a leathnú.

Maidir le taighdeoirí, teicneolaithe, gairmithe agus riarthóirí atá ag forbairt, ag soláthar nó ag úsáid teicneolaíochtaí teanga, tairgeann META deis uathúil dóibh fanacht ar an eolas, idéanna a chur ar fáil nó tacú le teangacha sonracha agus páirt á glacadh acu i bplé le saineolaithe, i meithleacha agus i ngníomhaíochtaí pleanála a rachaidh i bhfeidhm ar thodhchaí theangeolaíoch na hEorpa.

Tugtar cuireadh do thionscadail taighde agus forbartha teicneolaíochta páirt a ghlacadh i META-SHARE chun rochtain a fháil ar thiomsachán mór d'acmhainní teanga agus de theicneolaíochtaí teanga, agus chun cabhair a thabhairt le pleanáil agus le bailíochtú sheirbhísí META.

Is féidir le fiontair tráchtála a bheith páirteach freisin tríd a bhfíseanna do tháirgí agus do sheirbhísí a chur in iúl, trí pháirt a ghlacadh i bpróiseas pleanála META agus trí META a úsáid chun comhpháirtíochtaí tairbheacha a bhunú agus a fhorbairt.

Moltar do scoileanna agus d'oideachasóirí, d'iriseoirí agus do na meáin chumarsáide, do pholaiteoirí agus d'institiúidí agus eagraíochtaí poiblí páirt a ghlacadh i bplé oscailte faoin bhfís de shochaí faisnéise ilteangach agus faoin gcaoi a bhféadaimid an fhís sin a bhaint amach.

TÁ DO GHUTH TÁBHACHTACH, mar aon leis an teanga ina gcuireann tú tú féin in iúl.Trí bheith i do bhall de META, cabhróidh tú le tírdhreach teangeolaíoch na hEorpa a mhúnlú amach anseo.