Personal tools
A Network of Excellence forging the
Multilingual Europe Technology Alliance

An Ghaeilge sa Ré Dhigiteach — Achoimre Fheidhmeach

Le 60 bliain anuas, tá an Eoraip tagtha chun cinn amhail struchtúr polaitiúil agus eacnamaíoch, ach tá éagsúlacht mhór fós inti maidir le cultúr agus teangacha. Dá bhrí sin, ón bPortaingéilis go Polainnis agus ó Iodáilis go hÍoslainnis, bíonn baic theanga i gceist le cumarsáid laethúil idir saoránaigh na hEorpa mar aon le cumarsáid sa saol gnó agus polaitiúil. Caitheann institiúidí an AE timpeall billiún euro sa bhliain ar a mbeartas ilteangachais a chothabháil, i.e. aistriú téacsanna agus teangaireacht a dhéanamh ar chumarsáid labhartha. An gá gur ualach chomh mór a bheadh anseo? Tig le teicneolaíocht teanga (TT) nua-aimseartha agus taighde theangeolaíoch cabhrú leis na teorainneacha teangeolaíocha a shárú. Nuair a nasctar an teicneolaíocht teanga le gairis agus feidhmchláir chliste, beidh sí in ann amach anseo cuidiú le muintir na hEorpa labhairt go héasca lena chéile agus gnó a dhéanamh lena chéile, fiú mura labhraíonn siad an teanga chéanna.

Baineann geilleagar na hÉireann an-bhuntáiste as an margadh Eorpach aonair:

In 2010, b’ionann trádáil san AE agus 57.9% d’easpórtálacha na hÉireann agus b’ionann trádáil le tíortha Eorpacha eile agus 4.9%. Ach tig le baic theanga stop a chur le gnó, go háirithe le SMEanna nach bhfuil na hacmhainní airgeadais acu an cás a chur ina cheart. An t-aon rogha (tubaisteach) a bheadh ann ar an Eoraip ilteangach seo go mbeadh teanga amháin ceannasach agus go dtiocfadh sí in áit na dteangacha eile.

Bealach amháin chun bac teanga a shárú is ea teangacha iasachta a fhoghlaim. Ach gan tacaíocht theicneolaíoch, ní fhéadfadh saoránaigh na hEorpa agus a geilleagar, díospóireacht pholaitiúil agus dul chun cinn eolaíochta máistreacht a fháil ar na 23 teanga oifigiúil agus na 60 eile teanga Eorpach.

Is é réiteach na faidhbe príomhtheicneolaíochtaí cumasaithe a thógáil. Gheobhaidh rannpháirtithe Eorpacha buntáistí ollmhóra astu seo, ní hamháin sa chómhargadh Eorpach agus i gcaidreamh trádála le geilleagair forbarthacha, go háirithe le geilleagair éiritheacha. Chun an sprioc seo a bhaint amach agus éagsúlacht chultúir agus theangeolaíoch na hEorpa a chaomhnú, is gá ar dtús anailís chórasach a dhéanamh ar mhionsonraíochtaí teanga na dteangacha Eorpacha ar fad, agus an bhail reatha atá ar thacaíocht teicneolaíochta dóibh. Beidh réitigh teicneolaíochta teanga ina ndroichid uathúla idir teangacha Eorpacha faoi dheireadh.

Ní shásaíonn na huirlisí aistriúcháin uathoibríocha agus próiseála urlabhra atá ar an margadh faoi láthair an sprioc uaillmhianach seo. Tá na rannpháirtithe ceannasacha sa réimse seo faoi úinéireacht phríobháideach go príomha chun brabach a dhéanamh agus bunaithe i Meiriceá Thuaidh. Bhí a fhios ag an AE faoi dheireadh na 1970idí go raibh teicneolaíocht teanga anábhartha mar thiománaí d’aontacht Eorpach, agus chuir siad tús leis na chéad tionscadail taighde, amhail EUROTRA. Ag an am céanna, bunaíodh go leor tionscadail náisiúnta a chothaigh torthaí luachmhara, ach nár eascair gníomhaíocht Eorpach astu. I gcodarsnacht leis an iarracht mhaoinithe ardroghnach seo, bhunaigh sochaithe ilteangacha eile cosúil leis an India (22 teanga oifigiúil) agus an Afraic Theas (11 theanga oifigiúla) cláir náisiúnta fhadtéarmacha do thaighde agus forbairt teicneolaíochta teanga.

Tá na gníomhairí is mó i dteicneolaíocht teanga inniu ag brath ar chur chuige staitistiúil neamhbheacht nach n-úsáideann modhanna agus faisnéis theangeolaíoch níos doimhne. Mar shampla, aistrítear abairtí go huathoibríoch trí abairt nua a chur i gcomparáid leis na mílte abairt a d’aistrigh daoine cheana. Braitheann caighdeán an aschuir go mór ar mhéid agus caighdeán an chorpais shamplaigh atá ar fáil. Cé gur féidir torthaí sásúla a fháil as aistriú uathoibríoch abairtí simplí i dteangacha ina bhfuil dóthain ábhair théacs ar fáil, ní éireoidh le modhanna staitistiúla chomh héadomhain sin i gcás teangacha ina bhfuil corpas ábhar téacs i bhfad níos lú nó i gcás abairtí le struchtúir chasta.

Dá bhrí sin, tá cinneadh déanta ag an Aontas Eorpach maoniú a thabhairt do thionscadail cosúil le EuroMatrix agus EuroMatrixPlus (ó 2006) agus iTranslate4 (ó 2010) a dhéanann taighde bunúsach agus feidhmeach agus a chothaíonn acmhainní chun réitigh theicneolaíochta teanga ardchaighdeáin a bhunú do gach teanga Eorpach. Is é an t-aon bhealach chun dul chun cinn a dhéanamh anailís a dhéanamh ar airí struchtúrtha níos doimhne teangacha má theastaíonn uainn feidhmchláir a thógáil a fheidhmíonn go maith don réimse teangacha ar fad san Eoraip.

Tá rath bainte amach ag taighde Eorpach sa réimse seo cheana. Mar shampla, úsáidtear MOSES, bogearra aistriúcháin uathoibríoch foinse oscailte, a forbraíodh go príomha trí thionscadail taighde Eorpacha anois i seirbhísí aistriúcháin an Aontais Eorpaigh. Chuir tionscadal Verbmobil, arna mhaoiniú ag Aireacht Oideachais agus Taighde na Gearmáine (BMBF) idir 1993 agus 2000, an Ghearmáin chun tosaigh i réimse an taighde um aistriú urlabhra ar feadh scathaimh. Dúnadh nó bogadh chuig ionad eile go leor de na saotharlanna taighde agus forbartha a bhí sa Ghearmáin ag an am (e.g., IBM agus Philips). In ionad dul ar aghaidh ó thorthaí na dtionscadal taighde seo, dhírigh an Eoraip ar ghníomhaíochtaí taighde aonair nach raibh tionchar chomh forleatach acu ar an margadh. Is féidir luach geilleagrach na n-iarrachtaí is luaithe fiú a fheiceáil sa líon seachthionscadal. Díoladh an chuideachta Trados, a bunaíodh i 1984, le SDL atá bunaithe sa RA in 2005.

Ag tarraingt ar an léargas a fuarthas go dtí seo, is léir go mbeidh teicneolaíocht teanga ‘hibride’ an lae inniu, a mheascann próiseáil dhomhain le modhanna staitistiúla, in ann an bhearna idir gach teanga Eorpach agus teangacha eile nach iad a líonadh. Mar a léirítear sa tsraith páipéar bána seo, tá difríocht ollmhór sa staid ullmhachta maidir le réitigh theanga agus an staid taighde idir ballstáit na hEorpa. Tá an Ghaeilge, mionteanga san AE, agus go deimhin in Éirinn, i mbaol bheith fágtha taobh thiar i ndáil le dul chun cinn mura ngníomhaítear i dtreo bunteicneolaíocht teanga comhpháirte a sholáthar le tacú leis an teanga. Ag an am céanna, tá Éire i staid láidir chun na teicneolaíochtaí seo a fhorbairt agus ról lárnach bheith aici go geilleagrach agus i dtaobh na heolaíochta i ndul chun cinn suntasach a dhéanamh sa réimse ina iomláine, de bharr ardchaighdeán in aistriúchán agus logánú agus taighde teicneolaíocht teanga.

Is í sprioc fhadtéarmach META-NET teicneolaíocht teanga ardchaighdeáin a chur ar fáil do gach teanga d’fhonn comhaontacht pholaitiúil agus gheilleagrach a bhaint amach trí éagsúlacht chultúrtha. Cuideoidh an teicneolaíocht le baic reatha a bhaint anuas agus droichid a chruthú idir teangacha na hEorpa. Chun é seo a bhaint amach, caithfidh gach geallsealbhóir – polaitíochta, taighde, gnó agus sochaí – a n-iarrachtaí a chur le chéile sa todhchaí.

Cuireann an tsraith páipéar bán seo le gníomhaíochtaí straitéiseacha eile a rinneadh META-NET (feic an aguisín chun léargas ginearálta a fháil). Is féidir faisnéis suas chun dáta cosúil le leagan reatha an pháipéir fhíse META-NET nó Clár Taighde Straitéiseach (SRA) a fháil ar shuíomh gréasáin META-NET: http://www.meta-net.eu.