Personal tools
A Network of Excellence forging the
Multilingual Europe Technology Alliance

META-NET Strategic Research Agenda for Multilingual Europe 2020

Comhthuiscint Neamhtheoranta: An Eoraip gan Bacainní Teanga

Sáróidh Straitéis Eorpach bacainní cumarsáide ionas go mbeidh an Eoraip ullamh don chéad réabhlóid TF eile

Tá géarchéim chumarsáide i ndán don Eoraip. Léirigh an taighde is déanaí a rinne META-NET, “Teangacha na hEorpa sa Ré Dhigiteach”, a foilsíodh anuraidh i 31 imleabhar do 31 teanga, go bhfuil an chuid is mó de theangacha na hEorpa faoi bhagairt ag “díothú digiteach”: ‘sé sin nach bhfuil a dhóthain tacaíochta acu sa réimse Teicneolaíocht Faisnéise le maireachtáil sa ré dhigiteach. Is cuid lárnach in oidhreacht chultúrtha ilchríoch na hEorpa í an éagsúlacht ollmhór teangacha atá againn, ach san am chéanna is constainc í an éagsúlacht seo ó thaobh tráchtála agus trádála de agus ó thaobh lánpháirtíocht Eorpach a chur ar aghaidh. In ainneoin an-chuid caiteachais ar chúrsaí aistriúcháin, níl ach fíorbheagán eolais ar fáil i dteangacha uile na hEorpa, agus ní bhíonn an deis ag saoránaigh ceisteanna fíorthábhachtacha a phlé de bharr teorainneacha teanga. Is tríd na meáin chumarsáide áitiúla agus na polaiteoirí náisiúnta a tharlaíonn an chumarsáid idir na Gréagaigh agus na Gearmánaigh faoin ngéarchéim airgeadais, mar shampla, modhanna nach mbíonn i gcónaí éifeachtach maidir le comhthuiscint a chur chun cinn. Sa lá atá inniu ann i gcomhthéacs ina bhfuil tionchar ollmhór ag an Idirlíon agus ag gréasáin shóisialta ar chinnteoireacht pholaitiúil, níl an AE ag baint a dhóthain tairbhe as na hathruithe seo. Níl aon díospóireacht idir na Danmhargaigh agus saoránaigh na Fraince maidir le buntáistí agus míbhuntáistí foinsí fuinnimh núicléigh in aghaidh foinsí iontaise; níl aon phlé idirnáisiúnta ar siúl ag saoránaigh an AE sa Mheánmhuir ar na hiarmhairtí a bhaineann le comhbheartas inimirce, inar cheart go mbeadh a gcuid comharsana ó thuaidh páirteach chomh maith.

Tá Clár Straitéiseach Taighde (CST) forbartha ag META-NET, líonra barr feabhais Eorpach a chuimsíonn 60 ionad taighde i 34 tír. Tá sé mar aidhm ag an gclár Eoraip saor ó bhacainní cumarsáide, a thacaíonn le saorshreabhadh faisnéise, smaointe agus trádála a chruthú, fad is atá saibhreacht agus éagsúlacht teangeolaíochta na hilchríche á caomhnú. Léiríonn an CST bealaí inar féidir le hinfheistíocht dírithe sna teicneolaíochtaí teanga tairbhí eacnamaíochta a ghiniúint a sháraíonn i bhfad na costais a bhaineann leo. Chuir na mílte saineolaithe agus páirtithe leasmhara leis an gclár seo atá anois ar fáil mar thoradh ar bhreis is dhá bhliain taighde. Beidh an cháipéis á cuir i láthair agus á bronnadh ar ionadaithe an Choimisiúin Eorpaigh, taighde agus tionscail ag siompóisiam teicneolaíochta ar an 25ú Eanáir 2013, i mBeirlín na Gearmáine.

Léiríonn an CST bealaí inar féidir leis an Eoraip an éagsúlacht teangeolaíochta agus cultúrtha atá aici a úsáid chun buntáiste iomaíoch a chruthú di féin. Tá inniúlacht láidir ag pobal teicneolaíocht teanga na hEorpa, sa saol acadúil maraon le hearnáil na tionsclaíochta, sna teicneolaíochtaí ilteangacha agus tá an pobal seo réidh le bheith ar thús cadhnaíochta sa chéad réabhlóid TF eile a chuimseoidh teanga, eolas agus mothúcháin an duine ar bhealaí suntasacha. Tá Siri de chuid Apple agus cuardach gutha Google díreach ar chuid de na chéad chéimeanna. Roghnófar teanga an duine mar an modh is fearr le cumarsáid a dhéanamh idir an duine daonna agus an teicneolaíocht. Beidh gá le bogearraí le haghaidh fíorú na físe seo, don éagsúlacht teangacha, seirbhísí agus gléasanna atá ann, rud a chruthóidh margadh ollmhór. Tugann teicneolaíocht teanga rochtain dúinn ar an eolas daonna ar fad i bhfoirm dhigiteach atá bailithe le chéile ar an nGréasán. Beifear ábalta an líon ollmhór sonraí atá i bhfoirm téacs a chuirtear ar an nGréasán gach lá (Olltiomsú Sonraí) a chuardach ar bhonn séimeantach, anailís a dhéanamh air agus é a úsáid d’iliomad feidhmeanna nua.

Sa chlár taighde uile-Eorpach atá beartaithe, molann an CST go ndíreodh an taighde agus forbairt acadúil agus tionsclaíoch ar thrí théama ar leith:

  1. Cuirfidh an Néal Tras-Theangeolaíoch seirbhísí aistriúcháin cineálacha agus speisialaithe ar fáil do shaoránaigh, do chomhlachtaí agus d’eagraíochtaí uile na hEorpa. Cuimseoidh na seirbhísí seo teicneolaíochtaí aistriúcháin don teanga scríofa agus labhartha chomh maith le haistritheoirí agus le hateangairí daonna don obair nach féidir le meaisíní a láimhseáil leo féin.
  2. Díríonn an téama dar teideal Tuiscint Shóisialta agus ríomh-Rannpháirtíocht ar acmhainní agus uirlisí a fhorbairt chun tacú le tuiscint agus le plé laistigh de agus trasna comhphobail a chuimsíonn saoránaigh, cliaint, agus tomhaltóirí chun ríomh-rannpháirtíocht a chumasú agus próisis ullmhúcháin, roghnaithe agus measúnaithe ar chomhcinntí níos éifeachtaí a bhunú.
  3. Díríonn an téama Cúntóirí Idirghníomhacha atá Feasach ar Chúrsaí Sóisialta ar chúntóirí digiteacha forleatacha a fhorbairt, a fhoghlaimíonn agus a théann i dtaithí ar chúinsí agus a chuireann tacaíocht réamhghníomhach agus idirghníomhach ar fáil atá curtha in oiriúint do chúinsí éagsúla, do shuíomhanna agus do spriocanna ar leith an úsáideora, agus iad ag idirghníomhú i bhfoirm labhartha.

Molann META-NET Clár Seirbhíse Eorpach do Theicneolaíochtaí Teanga a dhearadh agus a fhorbairt chun teicneolaíochtaí teanga a sholáthar gan uaim do na húsáideoirí agus do na custaiméirí.

“Tá géarghá ag an Eoraip le bogearraí aistriúcháin uathoibríoch ar ardchaighdeán do na teangacha Eorpacha ar fad chomh maith leis na mórtheangacha a labhraítear lasmuigh den Eoraip chun dul i ngleic leis na bacainní teanga atá ann faoi láthair. Déanann na bacainní seo dochar den sprioc fadtéarmach atá ag an AE margadh digiteach aonair a bhunú toisc go gcuireann siad bac le saorshreabhadh eolais, faisnéise, earraí, táirgí agus seirbhísí,” a deir an tOll. Hans Uszkoreit, comhordaitheoir META-NET agus stiúrthóir eolaíochta DFKI (Ionad Taighde Intleacht Shaorga na Gearmáine). Cuireann an Dr. Georg Rehm (DFKI), comheagarthóir ar an gClár Straitéiseach Taighde agus Bainisteoir Gréasáin le META-NET leis seo ag rá: “Tar éis na timpiste i Fukushima i mí an Mhárta 2011, rinneadh plé ar fud na hEorpa ar na buntáistí agus ar na míbhuntáistí a bhaineann le fuinneamh núicléach, ach bhí sé ar fad teoranta go dtí na comhphobail teanga ar leith: ní raibh díospóireacht riamh ann ag leibhéal na hEorpa! Cuirfidh na teicneolaíochtaí atá á gcur chun cinn againne ar chumas na hEorpa na díospóireachtaí seo a reachtáil beag beann ar na teorainneacha teanga ionas go mbeidh féiniúlacht Eorpach ar leibhéal nua le brath i measc a cuid saoránaigh.”

Is féidir na teicneolaíochtaí seo a fhorbairt trí hiarracht chomhordaithe ar scála mór a dhéanamh ag dul i dtreo 2020. Caithfear teangacha na hEorpa a chosaint don todhchaí, feidhmchláir agus seirbhísí nua a chur ar fáil do shaoránaigh agus neart deiseanna nua do thionscail TF agus teanga na hEorpa a chruthú. Ciallaíonn an t-ualach airgeadais in aghaidh an duine do na comphobail beaga teanga, an t-aistriú teicneolaíochta a bhfuil gá leis idir teangacha, an easpa idir-inoibritheachta maidir le hacmhainní, le huirlisí agus le seirbhísí atá ann, agus an slí nach luíonn teorainneacha teanga i gcónaí le teorainneacha polaitiúla go bhfuil gá le freagairt atá níos mó ná mar is féidir le haon tír amháin a chur ar fáil. Caithfear, mar sin, aghaidh a thabhairt ar an dúshlán seo ag leibhéal an Aontais Eorpaigh, a chuid ballstáit, agus tíortha comhcheangailte leis, ag comhoibriú go dlúth le hearnáil na tionsclaíochta. Cuireann an CST treochlár ar fáil chun dul i ngleic leis na dúshláin seo ar bhealach a rachaidh chun leas saoránaigh uile na hEorpa agus a dhaingneoidh seasamh na hEorpa mar cheannródaí sna margaí geilleagair agus teicneolaíochta domhanda.

Teicneolaíocht Teanga: Cúlra

Tacaíonn teicneolaíocht teanga linn sa saol laethúil, agus sinn ag scríobh ríomhphoist nó ag cur eitiltí in áirithe, mar shampla. Cumasaíonn sé bogearraí atá ábalta teangacha daonna labhartha agus scríofa a phróiseáil. Bainimid leas as agus sinn ag cuardach agus ag aistriú leathanaigh Ghréasáin, ag glaoch amach orduithe don chóras siamsaíochta sa ghluaisteáin nó don fón póca, nó nuair a bhíonn moltaí á fháil againn i siopaí ar líne. Níl sé i bhfad uainn go dtí go mbeimid ábalta labhairt le ríomhchláir chomh maith le meaisíní agus le fearais, lena n-áirítear na róbait seirbhíse a bheidh againn inár dtithe agus ár ionaid oibre sar i bhfad. Beimid ábalta eolas nó cabhair a lorg, is cuma cén áit ina mbeimid. Athróidh an domhan ina bhfuilimid nuair a chuirfear deireadh leis an mbacainn chumarsáide atá ann idir an duine daonna agus an teicneolaíocht. Cuirfidh teicneolaíocht teanga ar chumas daoine comhoibriú lena chéile, foghlaim óna chéile, gnó a dhéanamh, agus eolas a roinnt beag beann ar theorainneacha teanga agus neamhspleách ar na scileanna ríomhaireachta atá acu.

Braitheann córais teicneolaíochta teanga ar mhodhanna staitistiúla don chuid is mó sa lá atá inniu ann agus bíonn gá acu sin le corpais ollmhóra scríofa nó labhartha le go n-oibreoidís. Bíonn sé deacair a dhóthain sonraí a fháil do theangacha le fíorbheagán cainteoirí fágtha, go háirithe. Tá na forbairtí is déanaí a rinneadh ag léiriú gur féidir na teorainneacha seo a shárú agus tá teicneolaíocht teanga ar cheann de na príomh-earnálacha fáis sa teicneolaíocht faisnéise. Tá infheistíocht mhór déanta ag na corparáidí móra idirnáisiúnta cosúil le Google, Microsoft, IBM agus Nuance sa réimse seo. Tá an Eoraip san áit cheart le bheith chun tosaigh sa réimse seo de bharr an saineolas teicneolaíochta, cultúrtha agus teangeolaíochta atá inti, leis na céadta gnóthais bheaga agus mheánmhéide cheana féin a bhfuil feidhmchláir nó seirbhísí ilteangacha speisialaithe á gcur ar fáil acu.

Eolas faoi META-NET agus META

Tá META-NET, Líonra Barr Feabhais Eorpach a chuimsíonn 60 ionad taighde i 34 tír, le hionchur ó thionscadail AE éagsúla, tiomnaithe do bhunús teicneolaíochta a thógáil do shochaí faisnéise ilteangach Eorpach.

Tá META-NET ag brú META, an Comhaontas Teicneolaíochta don Eoraip Ilteangach, chun tosaigh. Tá níos mó ná 600 eagraíocht i 55 tír tar éis ceangal leis an gcomhaontas seo, lena n-airítear ionaid taighde, ollscoileanna agus comhlachtaí príobháideacha.